‘Go dtaga tú de do dheoin, go n-imí tú slán agus go bhfága tú i do dhiaidh a bheag nó a mhór dár thug tú leat de shonas.’


Foilsíodh Dracula i mBéarla a chéad...

Buy Now From Amazon

Product Review

‘Go dtaga tú de do dheoin, go n-imí tú slán agus go bhfága tú i do dhiaidh a bheag nó a mhór dár thug tú leat de shonas.’


Foilsíodh Dracula i mBéarla a chéaduair i mí an Mheithimh 1897. Rinneadh comóradh céad bliain ar an ócáid sin i 1997 chomh maith le comóradh 150 bliain ar bhreith an údair, Bram Stoker, a rugadh ar an 8 Samhain, 1847, i gCluain Tarbh, Baile Átha Cliath. Chaith an t-údar a lán dua le scríobh Dracula agus dá chomhartha sin d'éirigh leis an leabhar ó thosach. Mar a dúirt Leslie Shepard, Cathaoirleach Chumann Bram Stoker: `Is léir ó nótaí garbha agus ó achoimre an scéil atá ar coimeád i Músaem agus Leabharlann Rosenbach, Philadelphia, go raibh Stoker ag obair ar Dracula ar feadh seacht mbliana.' B'fhiú an braon allais - agus an braon fola! Ba é Seán Ó Cuirrín, Déiseach, a rinne an t-aistriúchán Gaeilge agus d'fhoilsigh An Gúm é i 1933. Áirítear an saothar sin ar cheann de mhóraistriúcháin na Gaeilge. Ní hiontas gur díoladh gach uile chóip de agus gur deacair teacht air in aon chor anois.


Eagrán nua é seo den aistriúchán iomráiteach a rinne Seán Ó Cuirrín ar mhórshaothar uafáis Bram Stoker. Gach braon den bheocht a chuir fear Chluain Tarbh sa bhunscéal, d’aistrigh an Cuirríneach go snasta é sa chlasaic seo a foilsíodh den chéad uair in 1933.


Leagan nuachóirithe é seo atá bunaithe ar an eagrán a réitigh Maolmhaodhóg Ó Ruairc agus a d’fhoilsigh an Gúm in 1997.



Similar Products

The Treasure of the Tuatha De Danann: a dual language collection of Irish mythAn Leon, an Bandraoi agus an Prios Éadaigh (Irish Edition)Timpeall Chinn Sléibhe (Irish Edition)Cré na Cille (Irish Edition)Easy Learning Irish Grammar (Collins Easy Learning Irish) (Irish Edition)Collins Irish to English (One Way) Dictionary Gem Edition: All the latest words in a mini format (Collins Gem) (Irish Edition)Scothscéalta (Irish Edition)